Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán

Suíomh:
An Clochán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Peadar
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 464

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 464

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Leathanach 464
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Timhcheall le ceithre sgór bliain ó shóin bhí bean in a comhnaidhe sa gclochán in aice le loch Áine. Bhí sí ag déanamh nigheachán lá amháin agus chuaidh sí go dtí an loch leis an t-uisge do sruithlú. Fad is a bhí sí ag déánamh a chuid obair chonnaich sí ainmidhe beag ag teact amac as an loch.
    Táinigh faithchíos ar an bean agus do thóg sí bata suas agus mharbhuigh sí an t-ainmhidhe. Tháinig ainmhidhe mór aníos annsin agus do mharbhuigh sé an bean. Annsin thosuigh sé ag ól a cuid fola.
    Sa thráthnóna tháinig fear an tighe abhaile agus ní faca sé a bean in aon áit. Amac leis go dtí an loch agus chonnaic sé a bean sínte marbh agus an dobharcú in aice léi. Do thóg sé bata agus marbhuigh sé an dobharcú.
    Annsin dubhairt na comursanna leis glanadh amac as an mbaile. Do thóg sé capall amac agus bhí sé in aice le sráid salac nuair a tháinig dobharcú eile suas leis. D’ísligh an fear agus bhí sé ag dul isteah i dteach nuair a chuaidh an dubharcú tríd an gcapall. Do thóg an fear a gclaibheamh amach agus do mharbhuigh sé an dobharcú.
    Áine Ní Mhuiris
    An Clocán
    Co na Gaillimhe
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Mhuiris
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Clochán, Co. na Gaillimhe